Halifax, Albain Nua
Jump to navigation
Jump to search
Cathair in Albain Nua, i gCeanada, is ea Halifax (Halafacs i nGàidhlig Cheanada). Cónaíonn 297,943 sa cheantar uirbeach (2011) agus 390,096 i mBardasacht Réigiúnda Halifax (HRM, nó Halifax Regional Municipality, i mBéarla). Go teicniúil níl aon chathair ann a thuilleadh ó cuireadh Cathair Halifax ar ceal ar an 1 Aibreán, 1996,[1] agus ó cuireadh an bhardasacht ar siúl. Is ionann an bhardasacht agus Contae Halifax, taobh amuigh de cheantracha caomhnaithe de chuid na Chéad Náisiún.
Bhunaigh na Briotanaigh Baile Halifax sa bhliain 1749. D'ionsaigh na Indiaigh Mi'kmaq agus na hAcadaigh an baile 13 huaire. Rinneadh cathair de sa bhliain 1841.
Teanga | Daonra | % don daonra |
---|---|---|
Béarla amháin | 348,515 | 90.24% |
Fraincís amháin | 10,155 | 2.63% |
Teangacha nach bhfuil oifigiúl | 23,855 | 6.18% |
Níos mó ná freagairt amháin | 3,675 | 0.95% |
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ McCann, L.D. "Halifax", The Canadian Encyclopedia, lgh. 1034
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]