Eilís II na Ríochta Aontaithe
Eilís II na Ríochta Aontaithe (Elizabeth II of the United Kingdom) | |
---|---|
Banríon na Ríochta Aontaithe | |
Elizabeth Alexandra Mary | |
Réimeas | Ó 6 Feabhra 1952 |
Dáta breithe | 21 Aibreán, 1926 |
Áit bhreithe | Mayfair, Londain, RA |
Réamhtheachtaí | Seoirse VI |
Rítheaghlach | Windsor |
Céile | An Prionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann |
Mana | Dieu et mon droit |
Is í Eilís II, (Elizabeth Alexandra Mary, a rugadh ar 21 Aibreán 1926) banríon cheannasach agus ceann stáit Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus de 15 tíortha eile sa Chomhlathais na Náisiún. Is ceannaire Chomhlathais agus Gobharnóir Uachtarach Eaglais Shasana í. Tháinig sí i gcoróin ar an 6 Feabhra 1952.
Tá Eilís ina banríon ó shin agus tá sí i réim níos faide ná aon cheann stáit eile sa 20ú / 21ú haois(D’éirigh an bhanríon Eilís II ar an mbanríon is faide i réim I Sasana ar an 9 Meán Fómhair 2015. [1]). Maireann bordaithe agus 125 milliún duine i dtíortha ar í a gceann stát. Sul má tháinig sí i gcoróin, bhí an teideal Bandiúc Dhúin Éideann aici.
Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh i Londain í. Ba iad an Rí Seoirse VI agus an Bhanríon Eilís Bowes-Lyon a tuismitheoirí. Baisteadh i Seomra Ceoil i bPálás Buckingham í.
Cuairt ar Éirinn sa bhliain 2011[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thug Eilís II cuairt ar Phoblacht na hÉireann sa bhliain 2011, an chéad bhanríon nó rí le seo a dhéanamh ón mbliain 1921. Thosaigh sí amach i mBaile Átha Cliath, áit ar thug sí cuairt ar Gháirdíní an Chuimhneacháin, Páirc an Chrócaigh, Áras an Uachtaráin chomh maith leis an gCuimneachán Cogaidh i nDroichead na hInse. Chuaigh sí, ina dhiaidh sin, go Caiseal i dTiobraid Árainn, go dtí Graí Náisiúnta na hÉireann agus go dtí an Margadh Sasanach i gCorcaigh. Thacaigh formhór mhuintir na hÉireann leis an turas ach eagraíodh roinnt agóidí beaga ina coinne. Cáineadh, ach go háirithe, an tslándáil toisc go raibh an chuid is mó de Bhaile Átha Cliath dúnta i rith an turais.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |