Louis Riel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Louis Riel

Polaiteoir ba ea Louis Riel (22 Deireadh Fómhair 1844 - 16 Samhain 1885) a bhunaigh cúige Manitoba i gCeanada, agus bhí sé ina cheannaire ar na Métis, pobal ar mhachairí Cheanada sa chuid is mó. D'eagraigh sé gluaiseachtaí saoirse dá phobal féin i gcoinne rialtas na tíre, agus tar éis éirí amach a eagrú sa bhliain 1869 chuaigh sé i mbun idirghabhála leis an rialtas agus bunaíodh Manitoba. Chaith sé seal ar imirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar gheall ar fhear darbh ainm Thomas Scott a chur chun báis le linn an éirí amach. Toghadh trí huaire é chuig parlaimint Cheanada agus é ar a choimeád, ach níor ghlac sé riamh lena shuíochán. Samhlaíodh dó go raibh inspioráid ó Dhia aige mar fháidh agus mar cheannaire, agus chuaigh an creideamh sin i gcionn ar a ghníomhartha.

Bhí sé rannpháirteach in éirí amach eile sa bhliain 1885. Cuireadh tréas ina leith agus cuireadh chun báis é ach maireann a cháil, go háirithe i measc cainteoirí Fraincise i gCeanada, mar laoch de chuid an ghnáthphobail, agus bhí tionchar ag a dhaoradh chun báis ar an gcaidreamh a bhí acu sin leis an mhóramh sa tir go ceann i bhfad.