Ceanada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ceanada
Bratach Cheanada
Bratach
Mana: A Mari Usque Ad Mare
Ó Mhuir Go Muir
Amhrán náisiúnta: O Canada
Suíomh Ceanada
Príomhchathair Ottawa
45°24′ Thuaidh 75°40′ Thiar
An chathair is mó Torontó
Teangacha oifigiúla Béarla agus Fraincis
Rialtas
Eilís II
Julie Payette
Justin Trudeau
'
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
9,984,670 km² ()
8.92%
Daonra
 • Meas. ó 2018
 • Daonáireamh 2016
 • Dlús
 
37,164,800 (38ú)
35,151,728
3.92/km² (228)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$1,050,463 billiún (11ú)
$34,444 ()
Airgeadra Dollar $ (CAD)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC-3.5 go -8)
(UTC-2.5 go -7)
Fearann Idirlín .ca
Glaochód +1

Is tír i Meiriceá Thuaidh é Ceanada (Béarla agus Fraincis: Canada), idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is ríocht dhaonlathach é Ceanada, a bunaíodh sa bhliain 1867 mar chónaidhm in Impireacht na Breataine. Tá thart ar 35 milliún duine ina gcónaí i gCeanada. Is iad Torontó agus Montréal na cathracha is mó, agus is é Ottawa príomhchathair na tíre. Béarla agus Fraincis na teangacha oifigiúla.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann an t-ainm Canada (agus mar sin Ceanada i nGaeilge) ó kanata, focal a chiallaíonn "baile beag" nó "lonnaíocht" i dteanga de chuid na nIroquois. Ba é sin an focal a d'úsáid Lucht Bundúchasach na háite i gceantar Chathair Québec nuair a threoraigh siad Jacques Cartier chun Stacona, baile beag acusan. Thug Cartier an t-ainm sin ar an gceantar uilig a bhí faoi Donnacona, taoiseach na treibhe úd. Faoin mbliain 1545, bhí na hEorpaigh ag cur an ainm ar a gcuid léarscáileanna le haghaidh an réigiúin ar fad.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is mór an tír í, le 9,984,670 km². Tá teorainn aici le Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é Ceanada an dara tír is mó ar domhan.

Cúigí agus críocha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 10 gcúige i gCeanada:

Tá 3 dhúiche i gCeanada:

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athdhéanamh ar theach fada fóid Lochlannach ag L'Anse Aux Meadows

Na bundúchasaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taispeánann staidéir sheandálaíochta agus anailísí géiniteacha go dtéann an t-áitreabh daonna i gCeanada siar go 7500 R.Ch. ar an laghad. Cuid de shaintréithe na mbundúchasach iad lonnaíochtaí seasta, an talmhaíocht, céimiúlacht shóisialta casta agus gréasáin trádála. Measann roinn rialtais amháin go raibh timpeall is 500,000 duine sa tír ag deireadh an 15ú haois, is é sin go díreach roimh theacht buan na nEorpach.[1] Tá meastacháin eile ann, áfach, atá chomh híseal le 200,000 duine agus chomh hard le 2,000,000 duine. Cibé ar bith scéal é, tháinig titim mhór ar líon na mbundúchasach i ndiaidh theacht na nEorpach mar nach raibh imdíonacht acu ar na galair a tháinig isteach in éineacht leo seo, mar atá, fliú, an bhruitíneach agus an calar. Na Chéad Náisiúin a thugtar anois ar Indiaigh Cheanada. Tá Ionúitigh agus Métis ann freisin. Daoine de phór measctha iad na Métis a dtéann a sinsireacht siar, go minic, go dtí lár an 17ú haois. Fraincis a bhíonn acu seo go minic, fiú in áiteanna mar Manitoba i lár na tíre.

Teacht na nEorpach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Lochlannaigh na chéad Eorpaigh dár chuir fúthu i gCeanada, é sin ag L'Anse aux Meadows i dTalamh an Éisc thart ar 1000 AD. Níor fhan siad ann go ró-fhada.[2]

Tháinig maraithe Bascacha agus Portaingéalacha go luath san 15ú haois agus chuir siad lonnaíochtaí iascaigh sealadacha ar bun. John Cabot, taiscéalaí Iodálach, a thug an chéad chuairt ar an gcósta thoir ar son Shasana, sa bhliain 1497.[3] Chuir na Sasanaigh ruaig ar na hiascairí Bascacha agus Portaingéalacha ó thailte saibhre éisc na tíre go luath sa 16ú haois agus chuir siad coilíneachtaí ar bun ar Thalamh an Éisc. Cupids agus Ferryland na céad chinn (1610) díobh.

"Nua-Fhrainc" i 1703, an stát ba mhó i Meiriceá Thuaidh san am

Tháinig na Francaigh go Ceanada sa bhliain 1534 nuair a sheol Jacques Cartier isteach san Abhainn St. Lawrence. Ar an 24 Iúil, rinne sé cros 10 méadar in airde a thógáil agus ghlac sé seilbh na tíre in ainm François I, Rí na Fraince.

Bhunaigh na Francaigh baile den chéad uair i bPort Royal san Albain Nua, sa bhliain 1605, ait a raibh Na hAcadaigh ag an am. Samuel de Champlain ab ea "Athair na Nua-Fhraince". Lean sé ar aghaidh chun Québec a thógáil freisin, príomhchathair an stáit nua.

Bhí sé ina chogadh ceithre huaire idir na Francaigh agus na hIndiaigh ar thaobh amháin agus na Sasanaigh ar an taobh eile idir na blianta 1689 agus 1763. I ndiaidh Chonradh Pháras sa bhliain 1763, ní raibh aon rud fágtha ag na Francaigh seachas Saint-Pierre-et-Miquelon, dhá oileán amach ó Thalamh an Éisc ar leis an bhFrainc iad go dtí an lá atá inniu ann. (D’fhan na Francaigh freisin i seilbh bhruach thiar na Mississippi taobh ó dheas ó Cheanada). Trí mheán Acht Québec (1774) tugadh aitheantas arís don Fhraincis, don chreideamh Chaitliceach agus do dhlí shibhialta na Fraince in Québec. Chomh maith leis sin, leathnaigh an t-acht achar Québec isteach i ngleann na hAbhann Ohio, rud a chuir le míshástacht na Meiriceánach sna 13 Choilíneacht a bhí cheana féin ar tí éirí amach i gcoinne smacht na mBriotanach. Le Conradh Pháras (1783), fuair na Meiriceánaigh an chríoch sin ar fad taobh ó dheas ó na Locha Móra.

Faoi lánsmacht na mBriotanach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roinneadh an choilíneacht Nova Scotia ina dhá leath: ar an 16ú Lúnasa cuireadh New Brunswick ar bun sa chuid thiar di. Le hAcht Bunreachtúil na bliana 1791, roinneadh Cúige Québec ina dhá leath freisin. Ceanada Íochtair a tugadh ar an gceann díobh ina raibh an Fhraincis ag an móramh (Québec an lae inniu) agus Ceanada Uachtair (Ontario inniu) ar an gceann ina raibh an Béarla níos coitianta. Bhí a thionól reachtach féin ag an dá chúige. Le hAcht Aontais na bliana 1840 cuireadh na "Ceanadaí" seo le chéile in aonad amháin a tugadh Cúige Cheanada air. Na críocha ollmhóra chun an iarthuaiscirt a bhí faoi smacht na mBriotanach - Rupert's Land agus an North-West Territory - tugadh iad faoi smacht an chúige aontaithe nua seo mar na Northwest Territories.

"The Jack Pine", ola ar chanbhás (1916-1917), le Tom Thomson, péintéir Ceanadach

Ar an 1ú Iúil 1867, cuireadh tiarnas feidearálach ar bun faoin ainm Ceanada, agus ceithre chúige ann, mar atá Ontario, Québec, New Brunswick agus Albain Nua. Bhí na Northwest Territories faoina smacht. Na coilíneachtaí ar chósta an Aigéin Chiúin, Oileán Victoria agus an Cholóim Bhriotanach, rinneadh aon choilíneacht amháin díobh sa bhliain 1866 mar an Cholóim Bhriotanach, agus sa bhliain 1871 chuaigh sí seo isteach i dtiarnas feidearálach Cheanada. San oirthear, rinne Prince Edward Island amhlaidh sa bhliain 1873. Rinneadh cúigí de chodanna de na Northwest Territories diaidh ar ndiaidh: Manitoba sna 1890idí agus Alberta agus Saskatchewan sa bhliain 1905. Rinneadh críoch faoi leith den Yukon le linn ruaig an óir ansin. De réir mar a bhí Ceanada ag forbairt mar thír, fuair sí tuilleadh féinrialais ón mBreatain Mhór chomh maith. Talamh an Éisc an cúige deireanach sa chónaidhm sa bhliain 1949. Tír neamhspleách í Ceanada anois.

Gné thábhachtach de stair Cheanada is ea an inimirceacht agus an síorbhrú isteach i limistéir a bhí i seilbh na mbundúchasach roimhe sin, chun an iarthair go háirithe. I ndiaidh Chogadh 1812, thosaigh a lán daoine a plódú isteach ón mBreatain Mór agus ó Éirinn.[4] Idir 1825 agus 1846, tháinig 626,628 imirceach Eorpach go Ceanada; sa bhliain 1831 féin tháinig 34,000 Éireannach i dtír i gCathair Québec.[5] Ceaptar go bhfuair an ceathrú cuid de na himircigh bás le galair éagsúla.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lomáin á n-iompar ar leoraí sa Cholóim Bhriotanach. Tá an lománaíocht tábhachtach i ngeilleagar Cheanada cé go scriosann sé bunstaid chianaosta choillte na tíre.

Tá an 11ú geilleagar is mó ar domhan ag Ceanada agus timpeall ar SAM$1.74 trilliún d'OTI ainmniúil ann. Is ballstát den G8 é Ceanada.

Tá trí ceathrú den gheilleagar san earnáil seirbhísí agus ceathrú eile san earnáil phríomhúil—ola agus lománaíocht, go príomha. Baintear a lán den ola as gainimh tarra an iarthuaiscirt. Táirgeann Ceanada cuid shuntasach de nicil, de chaidmiam, de shinc agus de mholaibdéineam an domhain chomh maith. Tá mianaigh diamaint ann agus is é Ceanada an tír tháirgthe síoróip maiple is mó.

Tá Ceanada chun tosaigh maidir le teicneolaíocht agus eolaíocht. Sa bhliain 2011, caitheadh C$29.9 billiún ar thaighde agus fhorbairt sa tír.[6] Tá 10 nDuais Nobel bronnta ar Cheanadaigh i bhfisic, i gceimic agus i leigheas.

Déimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad Béarla agus Fraincís na teangacha oifigiúla. Is é Béarla an chéad teanga do 59.7% de mhuintir Cheanada. Is í Fraincís an chéad teanga do 23.2% de na daoine. Ní raibh ach Béarla ag 57.8% de dhaonra Cheanada. Ní raibh ach Fraincís ag 22.1% den dhaonra. Tá naoi dteanga bundúchasacha aitheanta i gCeanada chomh maith.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Bailey, Garrick Alan (2008). Handbook of North American Indians: Indians in contemporary society. Government Printing Office. lch. 285. ISBN 0-16-080388-8. http://books.google.com/books?id=Z1IwUbZqjTUC&pg=PA285.
  2. Reeves, Arthur Middleton (2009). The Norse Discovery of America. BiblioLife. lch. 82. ISBN 978-0-559-05400-6. http://books.google.com/books?id=HkoPUdPM3V8C&pg=PA7.
  3. "John Cabot's voyage of 1497". Memorial University of Newfoundland. 2000. http://www.heritage.nf.ca/exploration/cabot1497.html hAisghabháladh é ar 23-5-2011.
  4. Thornton, Russell (2000). "Population history of Native North Americans". In Haines, Michael R; Steckel, Richard Hall. A population history of North America. Cambridge University Press. lgh. 13, 380. ISBN 0-521-49666-7.
  5. Stair inimirceachta Cheanada, a aisghabháladh ar 4 Lúnasa 2012
  6. "Spending on research and development" StatCan, arna rochtain ar 29 Lúnasa 2012

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]


Comhlathas na Náisiún
Flag of Antigua and Barbuda.svg Antigua agus BarbúdaFlag of Australia.svg An Astráil

Flag of the Bahamas.svg Na BahámaíFlag of Bangladesh.svg An BhanglaidéisFlag of Barbados.svg BarbadósFlag of Belize.svg An BheilísFlag of Botswana.svg An BhotsuáinFlag of Brunei.svg BrúinéFlag of Cameroon.svg CamarúnFlag of Canada.svg CeanadaFlag of Cyprus.svg An ChipirFlag of Dominica.svg DoiminiceFlag of Fiji.svg FidsíFlag of Ghana.svg GánaFlag of Grenada.svg GrenadaFlag of Guyana.svg an GhuáinFlag of India.svg IndiaFlag of Jamaica.svg IamáiceFlag of Kenya.svg An ChéiniaFlag of Kiribati.svg CireabaitíFlag of Lesotho.svg LeosótaFlag of Malawi.svg An MhaláivFlag of Malaysia.svg An MhalaeisiaFlag of Maldives.svg Oileáin MhaildíveFlag of Malta.svg MáltaFlag of Mauritius.svg Oileán MhuirísFlag of Mozambique.svg MósaimbícFlag of Namibia.svg An NamaibFlag of Nauru.svg NárúFlag of New Zealand.svg Nua-ShéalainnFlag of Nigeria.svg An NigéirFlag of Pakistan.svg An PhacastáinFlag of Papua New Guinea.svg Nua-Ghuine PhapuaFlag of Rwanda.svg RuandaFlag of Saint Kitts and Nevis.svg San Críostóir-NimheasFlag of Saint Lucia.svg San LuciaFlag of Saint Vincent and the Grenadines.svg San Uinseann agus na GreanáidíníFlag of Samoa.svg SamóFlag of Seychelles.svg Na SéiséilFlag of Sierra Leone.svg Siarra LeonFlag of Singapore.svg SingeapórFlag of the Solomon Islands.svg Oileáin SholamónFlag of South Africa.svg An Afraic TheasFlag of Sri Lanka.svg Srí LancaFlag of Eswatini.svg An tSuasalainnFlag of Tanzania.svg An TansáinFlag of Tonga.svg TongaFlag of Trinidad and Tobago.svg Oileán na Tríonóide agus TobágaFlag of Tuvalu.svg TuvaluFlag of Uganda.svg UgandaFlag of Vanuatu.svg VanuatúFlag of Zambia.svg An tSaimbia