Alba Nuadh
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Alba Nuadh Alba Nuadh, Nouvelle-Écosse, Nova Scotia | |||||
---|---|---|---|---|---|
— Cúigí agus críocha Cheanada — | |||||
| |||||
Mana: Munit Haec et Altera Vincit | |||||
Tír | Ceanada | ||||
Príomhchathair | Halifax | ||||
Teangacha oifigiúla | Béarla | ||||
Rialtas • Leifteanant-ghobharnóir • Príomh-aire |
Arthur Joseph LeBlanc Stephen McNeil (Nova Scotia Liberal Party) | ||||
Rialtas feidearálach • Sa Teach • Sa Seanad |
i Rialtas Cheanada 11 suíocháin 10 suíocháin | ||||
Achar • San iomlán |
55,283 km² | ||||
Daonra • San iomlán • Dlús |
940,482 17.63/km² | ||||
Láithreán | Suíomh gréasáin |
Is cúige i gCeanada í Albain Nua (nó Alba Nuadh as Gaeilge na hAlban). Tá sí suite ar an leithinis Albain Nua agus ar roinnt oileán in aice léi in oirthear Cheanada. Tá timpeall is 940,000 daoine ann, agus is í Halifax an phríomhchathair.
Mar chuaigh cuid mhór daoine as Albain go hAlbain Nua (go háirithe go hOileán Cheap Breatainn, an t-oileán lastuaidh den leithinis mhór) sa 1700í agus 1800í, bhí Gaeilge Cheanada an teanga a labhraíodh ar Cheap Breatainn go dtí na 1900í. Cé nach bhfuil ach cuid an-bheag (agus seandaoine iad, den chuid is mó) ann fós a bhfuil an teanga acu anois, tá spéis ag pobal an oileáin Gaeilge na hAlban a fhoghlaim agus an cultúr Albanach a chaomhnú. Is de bharr mhuintir Ghaeilge na hAlban a baisteadh an t-ainm seo ar an gceantar, cé nach raibh go leor daoine as Albain ann taobh amuigh de Cheap Breatainn.
Roimhe sin, ba iad na Mik'maq, an mhuintir bhundúchasach, a bhíodh ina gcónaí ann.
Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Uimh | Teanga | Daonra | Ceatadán |
---|---|---|---|
1. | Béarla | 836,085 | 92.46% |
2. | Fraincís | 31,105 | 3.44% |
3. | Araibis | 5,965 | 0.66% |
4. | Teangacha Algonquian | 4,685 | 0.52% |
Mi'kmaq | 4,620 | 0.51% | |
5. | Gearmáinis | 3,275 | 0.36% |
6. | Sínis | 2,750 | 0.30% |
Mandairínis | 905 | 0.10% | |
Cantainis | 590 | 0.06% | |
7. | Ollainis | 1,725 | 0.19% |
8. | Spáinnis | 1,545 | 0.17% |
9. | Tagálaigis | 1,185 | 0.13% |
10. | Peirsis | 1,185 | 0.13% |
Contaetha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Contae Annapolis
- Contae Antigonis
- Contae Cheap Bhreatainn
- Contae Colchester
- Contae Cumberland
- Contae Digby
- Contae Mainisdear
- Contae Halifax
- Contae Hants
- Contae Inbhir Nis
- Contae Kings
- Contae Lunenburg
- Contae Pictou
- Contae Richmond
- Contae Shelburne
- Contae Bhictoria
- Contae Yarmouth
Ceantair[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Antigonis, Abhainn Mhór, Árasaig
- Baile Shidni, Baile Inbhir Nis, Badaig, Baile a' Chlamhain, Bráigh na h-Aibhneadh, Bráigh na h-Aibhne, Baile Anna, Baile nan Gall
- Cóbh a' Phlástair, Céap Breatuinn, An Caolas Leathann, An Cladach a Tuath, Calgarraidh
- Drochaid Mhira
- Eilean na Nollaig
- Glasbaidh, Glaschu Úr
- Hogamah
- Loch Laomainn, Loch an Fhamhair
- Mábu, A' Mhira Mhór
- Am Pón Mór
- Siorrachd Mainisdear, Siorrachd Bhictoria, Steórnabhagh, Siúdaig Mhór, Sanndraigh, Siorrachd Gleanna Garadh, Siorramachd Bhruis
- Tráigh Mhór, An Tuirc
Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba C$38.397 bn. an olltáirgeacht intíre (OTI) a bhí ag Albain Nua sa bhliain 2012.[1]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cúigí agus Críocha Cheanada | ||
---|---|---|
Cúigí: Colóim Bhriotanach · Alberta · Saskatchewan · Manitoba · Ontario · Québec New Brunswick · Albain Nua · Oileán Phrionsa Éadbhard · Talamh an Éisc agus Labradar Críocha: Yukon · Críocha an Iarthuaiscirt · Nunavut |