Seoladh IP

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is é is seoladh IP ("seoladh prótacal idirlín") ann ná seoladh uathúil a mbaineann gléasanna áirithe leictreonacha úsáid as lena chéile a aithint agus le cumarsáid a dhéanamh le chéile i ngréasán ríomhairí atá ag oibriú de réir an phrótacal idirlín (IP). Tá 4 bheart, nó 32 ghiotán i ngach seoladh IP, rud a chiallaíonn go bhfuil spás do 4,294,967,296 óstach (óstríomhaire) ar an Idirlíon. Cuirtear an seoladh IP in iúl mar cheithre fhigiúr a bhfuil poncanna eatarthu - mar shampla, "192.168.1.254".

Gléas tábhachtach é an seoladh IP i ródú na ríomhairí. Faoi láthair, tá na seoltaí IP ag rith gann, agus mar sin, tá leagan nua den phrótacal ag teacht ar an bhfód a chuireann i bhfad níos mó seoltaí ar fáil dúinn.