Vicipéid:Lárionad comhphobail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Tá gá ag Vicipéid LEATSA! Is amhlaidh atáimid uile ag tógáil ollchiclipéide agus pobail as Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus rudaí nua a fhoghlaim. Thig leat alt nua a chumadh nó alt reatha a chur in eagar ach an cnaipe "Cuir in eagar" a bhrú. Is féidir leat cleachtadh a dhéanamh ar an gclár dubh freisin.

Is féidir leat rud a scríobh sa Halla Baile má tá rud le rá agat. Cruthaigh cuntas mura ndearna tú cheana é: níl le déanamh agat ach an nasc "logáil isteach" a bhrú ar bharr an leathanaigh agus an fhoirm a líonadh. Is féidir leat rud a bhreacadh ar leathanach plé an tsuímh seo, más maith leat.

Comhoibreach na Seachtaine
Áirigí libhse
Learning Irish?

Comhoibrithe[athraigh foinse]

Tá a lán alt ann atá le feabhsú nó le méadú. Ag seo roinnt samplaí:


An bhfuil áit ar bith ann ar féidir linn aird a tharraingt ar ailt atá scríofa againn, chun iad a sheiceáil ag duine le Gaeilge líofa? Tá roinnt ábhair scríofa agam le mo Ghaeilge... idirmheánach, ach táim cinnte go bhfuil a lán botúin beaga ann. Bheadh sé go deas fháil amach an bhfuil siad ar chaighdeán sách maith! --Gerrynobody (plé) 21:53, 25 Deireadh Fómhair 2019 (UTC)

Aistriúchán na Seachtaine[athraigh foinse]

Tá tionscadal idirvicí ar siúl chun a oiread teangacha agus is féidir a chur ar leathanach éigin gach seachtain. Féach ar aistriúchán na seachtaine seo: Cloch, Paipéar, Siosúr. Chomh maith leis sin, is féidir leat dul chuig Aistriúchán na Seachtaine as Gaeilge nó chuig an suíomh meta. Cuir leis!

Glac Páirt![athraigh foinse]

  • Cruthaigh alt! Má tá eolas agat ar rud, téigh i mbun ailt faoi. Is cuma faoi chaighdeán do chuid Gaeilge, glanfaidh duine éigin eile feasta é. Aistrigh ailt ó Vicipéid an Bhéarla, nó níos fearr fós, ó theangacha eile má tá siad agat, mura bhfuil rudaí ar eolas agat nó más gá duit scéal a dhearbhú.
  • Déan do chion féin ar son na Vicipéide! Ba mhaith linn breis Vicipéideoirí a dhul i mbun breis alt. Inis do do chairde, do do chlann, do chuile dhuine, fúithi.
  • Cuidigh le Roinn Spraoi a chruthú. Ba mhaith linn cluichí, scéalta grinn agus rudaí greannmhara a bheith ar an suíomh seo. Cabhraígí linn.
  • Buail anonn chuig leathanach an Riarthóra agus vótáil ar son riarthóra nua. Cuir d’ainm féin ar aghaidh, más maith leat.
  • Féach ar na stumpaí agus na leathanaigh a bhfuil glanadh ag teastáil uathu agus cuir leo!

Comhoibriú Vicimheán na Seachtaine[athraigh foinse]

Is iarracht é Comhoibriú Vicimhéan na Seachtaine ar an gcomhluadar Vicimhéain uile a thabhairt le chéile chun fadhbanna atá acu i gcoitinne a fhuascailt. Is éard is cuspóir don CVnS reatha lámhleabhar ilteangach a chruthú do bhogearra na MeáVicí. Ba chóir na leathanaigh chabhracha a nascadh ó Help:Contents ar Meitea, ár vici comheagar fud-Vicimheáin. Féach ar treoracha an CVnS seo (as Béarla), le do thoil, agus cabhraigh lena dhéanamh!

Wikimedia-cotw-notext.png

Irish learners[athraigh foinse]

If your Irish isn't the best or you're still learning it, don't be afraid to add articles, edit articles where you see a mistake or ask questions, in any language. The users on the Vicipéid have a wide range of languages, so ask away and someone will answer you. Most of all, add to the Vicipéid.

Agus más rud é go bhfuil leagan Gaeilge ar fhocal nó ar théarma ag teastáil uait, bain triail as na foclóirí agus na bainc théarmaíochta atá ar fáil ar-líne ar www.acmhainn.ie, www.tearma.ie,Irish Dictionary On-Lineagus Inter Active Terminology for Europe agus NEAMHSPLEÁCH GAEILGE

10.000 pages[athraigh foinse]

Congratulations from Lmo!!!

--Aldedogn 23:34, 25 Feabhra 2010 (UTC)


Aonach Eagarthóireachta in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, 07/11/14[athraigh foinse]

Tá an tAonach Eagarthóireachta ar siúl faoi láthair. Slua mór d'úsáideoirí nua bailithe le chéile faoi stiúr baill de Chomhphobal Wikimedia na hÉireann. Nmacu (talk) 09:28, 7 Samhain 2014 (UTC)


List of Welsh people[athraigh foinse]

Hi all. I wonder if you could correct the title of this new page: Liosta de na daoine na Breataine Bige. It uses two templates, which also need checking (just a couple of sentences!): Teimpléad:Wikidata list and Teimpléad:Wikidata list end. Please leave me a message on my Welsh language Wiki if I can help further. Thanks! Llywelyn2000 (talk) 12:50, 12 Feabhra 2016 (UTC)


wgCategoryCollation[athraigh foinse]

Dia dhaoibh! Níl ach beagán eagarthóireachta déanta agam ar Vicipéid na Gaeilge, ach tá cuid mhór déanta agam ar Vicipéid Ghàidhlig na hAlban. I mí Feabhra na bliana seo chuireamar athrú simplí fóinteach i bhfeidhm ar Vicipéid na Gàidhlig, athrú a mholainn go mór do Vicipéid na Gaeilge ionas go mbeidh na litreacha le síneadh fada i gcónaí in ord ceart aibítre sna catagóirí.

Féach mar atá cúrsaí faoi láthair. I gCatagóir:Fréamh an Eolais mar shampla, ní bhfaighfear Éin chreiche in aice le Einceifilíteas mar a bheadh dúil leis, ach ag deireadh na haibítre i ndiaidh ‘z’. Agus tá bás ag teacht i ndiaidh bun.

Tchífear anseo an rud is cúis leis an trioblóid, faoin cheann “wgCategoryCollation” i gcomhad na socruithe do na Vicipéideanna éagsúla:

https://noc.wikimedia.org/conf/highlight.php?file=InitialiseSettings.php

Tá an t-Seicis (cs), Breatnais (cy), Fraincis (fr), Ungáiris (hu), Polainnis (pl), Portaingéilis (pt), Rúisis (ru), Gàidhlig (gd), agus an-chuid teangacha eile anois ag obair leis an Unicode Collation Algorithm (“uca”), algartam a chuireas litreacha le síneadh fada no diacritic eile san ord cheart. Ach tá Gaeilge na hÉireann ag obair gu fóill leis an algartam default éalangach éagumasach “uppercase”. Ní dhéanann “uppercase” ach ionannas idir na litreacha móra agus na litreacha beaga. Ní thuigeann sé go bhfuil baint idir ‘á’ agus ‘a’, mar shampla, agus cuireann sé go deireadh na haibítre litir ar bith ar a bhfuil síneadh fada. Is leor “uppercase” don Bhéarla, ach ní leor é don Ghaeilge.

Bheadh sé an-shímplidh an Vicipéid a thiontú don algartam “uca”. Ní gá ach: (1) plé agus vótáil a chur ar dóigh anseo; agus, má tá aontú ann, (2) iarratas a chur iseach ag phabricator.wikimedia.org. Tá sé sin déanta againn ar Vicipéid na Gàidhlig agus ni raibh deacracht ar bith againn.

Rudaí beaga eile. Is féidir {{DEFAULTSORT:Ein chreiche}} a úsáid chun “Éin chreiche”, mar shampla, a chur san ord cheart. Ach (1) is minic nach gcuimhnionn daoine ar DEFAULTSORT, agus (2) san lá atá inniu ann ba cheart don ríomhaire a bheith ag déanamh na hoibre sin. Nuair a bhéas wgCategoryCollation ag obair le “uca” in áit “uppercase”, ní bheidh gá tuilleadh ar DEFAULTSORT fá choinne na síntí fada a chur san ord cheart. Bhéadh “uca” socraithe acu do na vicipéideanna gu léir ach amháin gur éirigh deacracht. Ar na vicipéideanna mór mór (chomh mór leis an Fhraincis nó níos mó), glacann an ath-innéacsú an-chuid ama. Níl deacracht ar bith den t-saghas sin le na vicipéideanna beaga. Ar aghaidh linn, mar sin! Tá leaganacha éagsúla de “uca” ann, ina bhfuil miondifríochtaí. Oireann an leagan simplí, “uca-default”, don Ghàidhlig agus don Ghaeilge.

--Caoimhin (talk) 13:41, 3 Iúil 2016 (UTC)

Go raibh maith agat as an eolas seo, a Chaoimhín. Cuirim a lán ama amú ag ceartú DEFAULTSORT nó á chur isteach. Feicim go mbíonn ainmneacha daoine rangaithe ar an Uicipeid de réir chéad ainm na ndaoine: Tá Ernest Rutherford i gcatagóirí faoi 'E', mar shampla, agus Akira Suzuki faoi 'A'. Faoi 'R' agus 'S' atá siad anseo. Níl fadhb agamsa leis sin ach bheadh sé orainn is dócha éirí as nósanna fuadracha áirithe anseo: Akira Suzuki a scríobh mar Suzuki Akira, an ord sa tSeapáinis (agus mar sin de le hainmneacha in Íoslainnis, Sínis agus (b'fhéidir) Ungáiris. Sampla eile: Kim Il-sung. Ní thuigim cad é an cur chuige le hainmneacha tíortha agus a léithéid. Conas a chuirtear 'an Tuirc' faoi 't'? An bhfuil sibh ag baint úsáide as DEFAULTSORT leo go fóill? SeoMac (talk) 04:35, 4 Iúil 2016 (UTC)

Bheadh DEFAULTSORT úsáideach go fóill, chun ‘an Tuirc’ a chur faoi ‘t’ mar a dúirt tú, agus baineamaid úsáid as go fóill sa Uicipeid. Ach ní bheadh gá le DEFAULTSORT chun ‘Óman’ a chur faoi ‘o’, in áit é a bheith ag deireadh na h-aibítre mar atá faoi láithair i Catagóir:Ballstáit_na_Náisiún_Aontaithe. Sa mhórchuid de na h-altanna ní bheadh DEFAULTSORT de dhíth.

Ceist eile fá leith is ea ceist ord na n-ainmneacha pearsanta. Creidim féin go n-oireann ord na n-ainmeacha baiste i bhfad níos fear do na h-ainmneacha Gaelacha. Seachnaíonn sé na deacrachtaí le na sloinnte leithéid: ar chóir ‘Colm Mac Confhaola’ a bheith faoi ‘Mac’ no faoi ‘Confhaola’? ar chóir ‘Donach de Róiste’ a bheith faoi ‘de’ nó faoi ‘Róiste’? ar chóir ‘Éilís Ní Dhuibhne’ a bheith faoi ‘Ní’ nó faoi ‘Dhuibhne’ nó faoi ‘Duibhne’? ar chóir ‘Dómhnall Ruadh Mac an tSaoir’ (Dòmhnall Ruadh Phàislig) a bheith faoi ‘Ruadh’ nó ‘Mac’ nó ‘Saor’ nó ‘Saoir’? ar chóir ‘Màiri Mhór nan Òran’ (Màiri Nic a’ Phearsain) a bheith faoi ‘Mór’ nó ‘Mhór’ nó ‘Nic’ nó ‘Pearsan’ nó ‘Phearsain’? Ach tá mé sásta glacadh le ord na sloinntí sna catagóirí ina bhfuil na h-ainmneacha Gaelacha ina mionlach. Ní gá an t-ord céanna a bheith i réim i ngach catagóir. Is féidir gan bacadh le DEFAULTSORT agus an t-ordainm a sgríobh i ndiaidh an chatagóir mar seo:

  [[Catagóir:Filí|Mac an tSaor, Dómhnall]]
  [[Catagóir:Filíocht na Gaeilge]]

agus san dóigh sin beidh an t-alt faoi ‘Mac’ sa chatagóir ‘Filí’ agus beidh sé faoi ‘Dómhnall’ sa chatagóir ‘Filíocht na Gaeilge’. Níl an cheist seo fá ord na n-ainmneacha pearsanta réitithe againn sa Uicipeid - tá praiseach againn go fóill. Agus tá sé níos fearr, creidim, gan an cheist beagáinín achrannach seo fá na h-ainmneacha pearsanta a meascú leis an cheist fá wgCategoryCollation, atá iontach simplí creidim. Ceisteanna fá leith is ea iad.

--Caoimhin (talk) 09:49, 4 Iúil 2016 (UTC)

Catagóir nua ag teastáil[athraigh foinse]

An féidir catagóir nua a chur ar fáil: “Bundúchasaigh na hAstráile”? Bheadh fáilte roimpi.

Colin Ryan (plé) 00:08, 19 Samhain 2016 (UTC)

Yes check.svgY Déanta SeoMac (plé) 05:44, 19 Samhain 2016 (UTC)

Leathanaigh nua ag teastáil (Mí an Mheitheamh '18)[athraigh foinse]

Tá easpa leathanaigh faoi ábhair áirithe a bhaineann le cur chuige na Gaeilge ar an suíomh seo. Bhí iontas orm nach raibh leathanach le haghaidh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 so thosaigh mé stumpa dó. An mhiste le aon duine nó daoine anseo leathanaigh nó stumpaí a thosú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, Acht na Gaeltachta 2012 agus na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge? Tá sé ar intinn agam leathanaigh nó stumpaí a thosú dóibh ach táim ag braith ar m'mháthair chun aistriúchán a dhéanamh orthu agus níl a fhios agam cathain a mbeidh sí in ann é seo a dhéanamh. Thosaigh mé leathanaigh Béarla thuas ar Vicipéid Bhéarla dóibh siúd le cúpla mí anuas más féidir le éinne aistriú a dhéanamh orthu. Bheinn sásta sa gearrthéarma má raibh fiú stumpaí déanta dóibh. Darren J. Prior (plé) 05:59, 5 Meitheamh 2018 (UTC)Darren J. PriorDarren J. Prior (plé) 05:59, 5 Meitheamh 2018 (UTC)

Yes check.svgY Déanta Darren J. Prior (plé) 05:59, 7 Lúnsaa 2018 (UTC)

Celtic Knot Wikimedia Language Conference 2019[athraigh foinse]

Please translate to your own language! Apology for writing in English!

Celtic Knot 2019 ph.png

The third Celtic Knot Language Conference will be held this year at Penryn Campus, Cornwall on the 4th & 5th of July 2019.

More information can be found here. See you there! Llywelyn2000 (plé) 08:47, 6 Meitheamh 2019 (UTC)