Halifax, Albain Nua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cuan Halifax san oíche

Cathair in Albain Nua, i gCeanada, is ea Halifax (Halafacs i nGàidhlig Cheanada). Cónaíonn 297,943 sa cheantar uirbeach (2011) agus 390,096 i mBardasacht Réigiúnda Halifax (HRM, nó Halifax Regional Municipality, i mBéarla). Go teicniúil níl aon chathair ann a thuilleadh ó cuireadh Cathair Halifax ar ceal ar an 1 Aibreán, 1996,[1] agus ó cuireadh an bhardasacht ar siúl. Is ionann an bhardasacht agus Contae Halifax, taobh amuigh de cheantracha caomhnaithe de chuid na Chéad Náisiún.

Bhunaigh na Briotanaigh Baile Halifax sa bhliain 1749. D'ionsaigh na Indiaigh Mi'kmaq agus na hAcadaigh an baile 13 huaire. Rinneadh cathair de sa bhliain 1841.

Túr cloig cois chuan i Halifax
Teanga Daonra % don daonra
Béarla amháin 348,515 90.24%
Fraincís amháin 10,155 2.63%
Teangacha nach bhfuil oifigiúl 23,855 6.18%
Níos mó ná freagairt amháin 3,675 0.95%

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. McCann, L.D. "Halifax", The Canadian Encyclopedia, lgh. 1034

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]