Saghas comhlachta | Cuideachta phríobháideach |
Bunaithe | 15 Iúil, 2006 - San Francisco, California |
Suíomh | San Francisco, California |
Tír (Tíortha) | SAM |
Daoine lárnacha | Dick Costolo, Jack Dorsey |
Méid fostaithe | 3,372 (2017) |
Tionscail | An tIdirlíon |
Láithreán gréasáin | twitter.com |
Is láithreán líonraithe shóisialta é Twitter, a chuireann seirbhísí líonraithe shóisialta agus micreabhlagála ar fáil dá úsáideoirí. Foilsítear teachtaireachtaí ghearra faoi 140 carachtar i bhfoirm théacs ar a dtugtar tvuíteanna, giolcanna nó tweets as Béarla. Cruthaíodh Twitter ar an 21 Márta 2006 nuair a sheol Jack Dorsey a chéad tvuít. Tá cúpla céad mhilliún úsáideoir sroichte acu ó shin. Tá ceanncheathrú Twitter lonnaithe i San Francisco, California.
Úsáidtear Twitter chun, mar shampla, ceoltóirí, aisteoirí agus daoine cáiliúla eile a leanúint. Ós rud é go gcuirtear srian ar líon na gcarachtar in aon phostáil (nó "tvuít", "tweet"), déantar cur síos uaireanta air mar "SMS (Seirbhís Gearrtheachtaireachtaí) an Idirlín".
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar dtús, bhí Twitter á úsáid ag fostaithe na cuideachta Odeo, go dtí gur osclaíodh an lán-leagan poiblí ar an 15 Iúil, 2006. Bunaíodh Twitter mar chuideachta ina aonar i mí Aibreáin 2007.
Ar an 14 Meán Fómhair, 2010, d'athraigh Twitter dearadh an láithreáin agus tugadh lógó nua isteach. D'éirigh Twitter an-choitianta tar éis an '2007 South by Southwest festival'. Bhí 60,000 tweet gach lá tar éis na féile.
Foclaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bíonn daoine ag giolcaireacht, ag giolcadh nó ag tvuíteáil ar an suíomh (ón bhfocal Béarla tweeting). Chomh maith, tugtar tvuíteanna nó giolcanna ar na teachtaireachtaí aonracha, bunaithe ar an bhfocal Béarla tweet(s).
Haischlibeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar an 24 Lúnasa 2007, seoladh an chéad ghiolc ar Twitter a raibh ‘haischlib’ ann[1]. Ba é Chris Messina a sheol an chéad haischlib. Ba éard a bhí i haischlibeanna i dtús aimsire ná bealach le giolcacha a rangú de réir téama ar Twitter.
Scaip an coincheap ó Twitter go hardáin eile ar na meáin shóisialta. Sa bhliain 2017, seoltar os cionn 125,000,000 haischlib ar Twitter amháin in aghaidh an lae.
An Ghaeilge ar Twitter[cuir in eagar | athraigh foinse]
Na giolcacha is mó a bhí i mbéal an phobail[2]:
- 18 Nollaig 2006: Áine @aine “Níl sa saol ach gaoth agus toit”. Ba ó chuntas @aine a seoladh an chéad ghiolc Gaeilge sa bhliain 2006.
- I mí na Samhna 2008, d’úsáideadh an haischlib #Gaeilge den chéad uair riamh ar Twitter. Sheol @enormous an chéad ghiolc sin, de réir eolais atá faighte ón Ollamh Kevin Scannell. Is í #Gaeilge an haischlib is coitianta ag cainteoirí Gaeilge ar Twitter sa lá atá inniu ann. Seoladh os cionn 150,000 giolc leis an haischlib #Gaeilge ar feadh 2008-2017.
- 18 Feabhra 2013: Chris Hadfield @Cmdr_Hadfield “Tá Éire fíorálainn! Land of green hills and dark beer. With capital Dublin glowing in the Irish night”. Chuir an spásaire Chris Hadfield an Ghaeilge os comhair an domhain mhóir nuair a chuir sé giolc amach agus é ag taisteal ar an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta.
- 7 Aibreán 2014: BritishMonarchy @BritishMonarchy “Tá Londain bainte amach ag Uachtarán na hÉireann agus ag Bean Uí Uiginn, agus chuir ionadaí na Banríona fáilte rompu #Fáilte #CuairtStáit” Chuir cuntas oifigiúil Theaghlach Ríoga Shasana giolc amach i nGaeilge. Bhí Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, agus a bhean ar cuairt i Sasana ag an am.
- 28 Deireadh Fómhair 2014: Dara Ó Briain @daraobriain “@extrastarsboss No, nil se, Ta teanga da chuid fein aici, agus an cultur a theann leis. Is trua nach dtuigeann tu sin.” Dúirt an cuntas @extrastarsboss le Ó Briain gur beag idir Éire agus Sasanaagus nach bhféadfadh sé a mhaíomh gur inimirceach i Sasana a bhí ann. D’easaontaigh Ó Briain go láidir leis.
- 8 Nollaig 2015: U2 @U2 @TheNotoriousMMA “Beidh rírá agus ruaille buaille de satharn san Las Vegas! Éirí Conor Éirí ! @TheNotoriousMMA” Bhí an trodaí UFC Conor McGregor i Las Vegas agus ghuigh U2 gach rath ar McGregor.
- Ar an 21 Aibreán 2015, tháinig an leagan Gaeilge ar fáil. Cuireadh tús leis an tionscnamh mar thogra slua-aistrithe, mar a rinneadh le Facebook. Bhí 200 duine páirteach in aistriú an tsuímh sóisialta ar dtús. Ach ar deireadh ní raibh ach foireann bheag d’aistritheoirí ag obair ar an togra[3]. Ba é ‘tweet', ‘tweetanna' agus ‘tweetáil’ in áit an fhocail Gaeilge ‘giolc’ nó an fhocail Ghaelaithe ‘tvuít’ an rogha ba chonspóidí.[4]
- Seo thíos na deich haischlib is mó úsáid ó thús ama ar ghiolcacha Gaeilge ar feadh 2008-2017, de réir eolais atá faighte ón Ollamh Kevin Scannell:
1. #gaeilge
2. #TG4
3. #GAA
4. #ireland
5. #aimsir
6. #clg
7. #GE16
8. #Gaeltacht
9. #RnaR
10. AchtAnois
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ http://tuairisc.ie/tg4-achtanois-rnar-agus-gaeltacht-i-measc-na-haischlibeanna-is-mo-usaid-riamh-ag-cainteoiri-gaeilge-ar-twitter/
- ↑ Tuairisic.ie ar 24 Márta, 2016
- ↑ Tuairisc.ie ar 21 Aibreán 2015
- ↑ "Ba é ‘Tweet’ féin an focal ba chonspóidí in aistriúchán Twitter go Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-21.