Justin Trudeau

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Justin Trudeau, 2015

Polaiteoir Ceanadach is ea Justin Pierre James Trudeau, a rugadh ar 25 Nollaig 1971 in Ottawa Ceanada. 23ú príomh-aire Cheanada atá ann. Is é an mac is sine ag Pierre Trudeau, iar-phríomh-aire Cheanada.

A luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Justin in Ottawa do Margaret Sinclair Trudeau agus Pierre Elliot Trudeau. Is de shliocht Albanach agus Francach-Cheanadach é. Garmhac den 6ú glúin de chuid William Farqahar, duine de lucht bhunaithe Shingeapór é agus tríd an líne sin tá sinsearacht Malaech agus Shumatrach aige. Eisean an chéad phríomh-aire ar Cheanada a bhfuil sinsireacht neamh-Eorpach aige. Fhreastail Justin ar Collège Jean-de-Brébeuf i Montréal. Tá B.A. i litríocht an Bhéarla aige ó Ollscoil McGill (1994) agus BEd ó Ollscoil na Colóime Briotanaí (1998). D'oibrigh sé mar mhúinteoir in Vancouver, an Cholóim Bhriotanach sular thug sé faoi staidéar na hinnealtóireachta ag École Polytechnique de Montréal agus na geograife timpeallachta ag McGill. D'éirigh sé as an gclár máistreachta ag McGill le dul leis an bpolaitíocht. Bhí príomhról aige i mionsraith teilifíse sa bhliain 2007, The Great War.

Bhí taithí ag Justin ar an bpolaitíocht mar gheall ar a thuismitheoirí agus ní ba dhéanaí de bharr a chuid gníomhaíochta féin. Tharraing sé aird an phobail air féin nuair a thug sé an óráid ag sochraid a athar sa bhliain 2000. Toghadh é do Pharlaimint Cheanada sa bhliain mar ionadaí Papineau.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]